Irish (Gaeilge)

Aistrithe go Gaeilge ag Máire Ní Chonalláin

Más féidir-

Más féidir leat do cheann a choiimeád ort nuair atá gach duine timpeall ort ag cailliúint a gcinn siúd agus ag cur an milleán ortsa ;
Más féidir leat muinín a bheith agat asat féin nuair atá amhras ar gach duine eile fút,
Ach ligint dá n-amhras freisin;
Más féidir leat feitheamh agus gan a bheith tuirseach ag feitheamh,
Nó go mbeadh daoine ag éitheach fút, ná bíodh baint agat leis an éitheach.
Nó, go mba ábhar fuatha thú, ná fág bealach don bhfuath
Agus fós nach bhféachann tú ró-mhaith, nó nach labhrann tú lena n-iomad gaoise;

Más féidir leat bheith ag brionglóidigh – agus nach mbeadh do chuid aislingí mar mháistir agat;
Más féidir leat machnamh a dhéanamh – agus gan smaointe a bheith mar aidhm agat;
Más féidir leat bualadh le bua agus tubaiste
Agus caitheamh leis an dá phasadóir sin díreach mar an gcéanna;
Más féidir leat an fhírinne a labhair tú a chloisteáil
Casta ag giollaí chun gaiste a dhéanamh do amadáin,
Nó féachaint ar na rudaí a thug tú do shaol dóibh briste,
Agus cromadh síos agus iad a ath-thógáil le huirlisí caite;

Más féidir leat carn amháin a dhéanamh de do chuid buanna
Agus é a chur i mbaol le haon chasadh de chaith agus teilg,
Agus cailliúint, agus tosú arís ag do phointe tosaigh
Agus gan tada a rá faoi do chaillteanas;
Más féidir leat cur ar do chroí agus do mhisneach agus do neart
freastal ar d’uan i bhfad tar éis dóibh a bheith spíonta,
Agus mar sin fanacht nuair nach bhfuil aon rud ionat
Ach amháin an Toil a deir leo: “Lean ort”;

Más féidir leat labhairt le sluaite agus do shuáilce a choimeád,
Nó siúl le ríthe-gan an teagmháil choitianta a chailliúint;
Mura féidir le namhaid ná le cairde grámhara tú a ghortú;
Má áiríonn tú gach éinne, ach gan aon duine a áireamh an iomarca
Más féidir leat an nóiméad do-mhaithte a líonadh
Le seasca soicind faid rithte-
Is leatsa an Domhan agus gach a bhfuil ann,
Agus – rud atá níos tábhachtaí – beidh tú i do Fhear, a mhic!